Mar a deir siad i Luimneach, cuirfidh na blaganna san mé isteach i “5B” sar i bhfad. Bhuail me le mo chinnirí ríomhaireachta i rith am lóin an tseachtain seo caite agus shocraíomar na blaganna. An t-aon rud ná nach rabhadar ábalta radharc a fháil orthu toisc go raibh siad blocálta ag an firewall. Chuireamar iarratas isteach chun iad a scaoileadh, mar a dhein mise, agus inniu; an dóigh libh go rabhadar scaoilte? Not on your Nelly ní rabhadar! Chuamar chun oibre ar an gcuid eile den rang agus an dóigh libh go rabhadar ábalta loáail isteach? No sir! Bhaineamar triail as logáil isteach duine ar dhuine agus d’oibrigh sé sin. Fén am seo má sea, bhí sé ag fáisceadh isteach ar am lóin. D’fhágamar ar rang le thimpeall cúigear nó seisear le blaganna socraithe acu. ………….Ó córas oideacais na hÉireann, cá bhaighfí a leithéid in aon áit eile?
Haigh Ógie
Thar a bheith deacair dul chun cinn a dhéanamh nuair atá fadhbanna teicneolaíochta ag cur isteach ort. An bhfuil tú ag déanamh na blaganna leis na daltaí do thasc áirithe (ár vicí??) nó don MA/ go ginerálta…nó don trachtas? Spéis agam sa mhéid sin mar táim ag smaoineamh ar bhlag eigin a choimeád leis na daltaí mar dhialann mhacnamhach b’fhéidir ach nilim cinnte fós….
By: catherineblu on December 12, 2009
at 6:36 pm