Dia dhíbh a chairde Gael. Táim thar n-ais sa chluiche mar a dhéarfá! Seachas an LdL is oth liom a rá ach gur dhein mé faillí ar mo chuid dualgaisí le mí anuas nó mar sin. Tá an leabhar staire geall le bheith réidh agus cinnte beidh cuireadh agaibh go dtí an seoladh. (Tá sibh luaite agam i rannóg an bhuíochais ar cúl). Chuir mé mé féin ar aghaidh roimh Nollaig mar chomhordatheoir ar Rith 2010 a bheidh ag gabháil tríd Luimneach ach bhí orm tarraingt siar uaidh sin mar go bhfuil rudaí imithe saghas dáiríre anois ó thaobh an tráchtais de. D’aistrigh mé m’intinn i rith na seachtaine ach anois táim ag dul i dtreo an bhunsmaoinimh arís.
Thosaigh mé LdL le mo chailíní sa dara bliain an tseachtain seo caite agus tá carn técsanna dílse cruthaithe acu dá bharr. An fhadhb atá ann ná ná fuil an taighde déanta agam chun dul i ngleic leis sin ach le cúnamh Dé leigheasfar é sin sna seachtainí atá le teacht. Táim idir dhá chomhairle fé héifeacht an LdL. Tá sé curtha dóibh ag dhá ghrúpa anois ach do bhí siad an déanamh ana chuid cumarsáide sa chéad teanga a bhí acu seachas T2. Bhí sé deacair gan mo ladar a chur isteach i gcursaí mar go ngoileann sé orm iad a d’aireachtaint ag labhairt as Béarla…..ach scaoil mé leo. B’fhéidir go bhfuil mé ródhian orthu mar go raibh abhair iontacha reitithe acu. Rud ana shuimiúil a thug mé fé ndeara ná ná fuil oiread is duine amháin acu tar éis úsáid a bhaint as an gclár bán fós agus iad i mbun ranga. Cad a chiallaíonn sé seo n’fheadar?
Tá sé ar intinn agam é seo a dhéanamh arís leo agus b’fhéidir go dtiocfaidh forbairt ar a gcuid scileanna. Fén am sin tá súil agam go mbeidh mé tosnaithe ar mo chuid taighde agus go mbeidh mé ábalta roinnt den ábhar atá cruthaithe acu a úsáid ó thaobh a gcuid feasacht teangain/ceartú botún de.
Anois teacht anEarraigh , tá an la dul chun síneadh……..tosnaigh ag obair Ógie!!!!!!
Tá mise ag iarraidh teacht ar ais tar éis briseadh fada freisin. Iontach bheith críochnaithe leis an LDl. rinne tu léacht iontach. an shuimiúil agus chuir muid cuid de na rudaí i bhfheidhm sa seomra ranga. thaitin an rud le na mothúchain leo ina raibh orthu lirící a fhail ar na lirící éagsúla. Bhuel tá bean Pháidín ar eolas acu anois agus ceust shamplach déanta amach agam air. Tabharfaidh mé an leabhar sin ar na dánta isteach ar an Aoine.
By: omanny on February 3, 2010
at 9:40 pm
Haigh Ógie, Iontach go bhfuil deis ag na daltaí LDL a dhéanamh i do rang. Thar a bheith suimiúil nach mbaineann siad úsáid as an gclár bán! Aontaím leat go bhfuil sé deacair nuair a bhíonn siad ag caint as Béarla ach seans go n-athróidh an méid sin de réir mar a théann siad i dtaithí ar an modh nua seo! Bain sult as an sos ar aon nós agus feicfidh mé thú an chéad uair eile. Caithfimid labhairt le chéile sa ghrúpa vicí chun a fháil amach cad atá fós le déanamh againn. Slán!
By: catherineblu on February 15, 2010
at 5:49 pm