Posted by: ogierinn | February 16, 2010

An Tóin Titithe des na Téacsanna Dílse

Is dóigh liom gurbh é Plato nó Aristotle a dúirt “Education should make one feel confused”. Más fíor an ráiteas sin má ‘sea, tá oideachas den gcéad scoth á fháil agam fé láthair. Tá alt ón “Modern Language Journal” léite agam agus tá sé tar éis snáth bán a dhéanamh den íomhá a bhí agam de théacsanna dílse. Bhí an ceart ar Máiréad de réir dealraimh. Fágann sé sin ná fuil mé ábalta an smaoineamh atá agam maidir leis an tráchtas a rangú. Sin é, na foghlaimeoirí ag cruthú a gcuid téacsanna foghlama féin agus ag cur lena bhfeasacht teangain trí na botúin a aithint agus a cheartú tar éis atá siad cruthaithe acu. N’fheadar an bhfuil téarma amuigh ansan dá leithéid? Muna bhfuil, beidh orm mo théarma fhéin a chruthú. Cosúil le muintir na Rinne agus a gcuid Gaoluinne! Aon smaoineamh ag aon duine dom maidir le téarma ?

Crochaidh mé an léirmheas den diabhal alt san níos déanaí. Táim cinnte go mbeidh scuaine thimpeall an chúinne chun é a léamh!

Advertisement

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Categories

Follow

Get every new post delivered to your Inbox.