Mar a chuireann an teideal in iúil b’alt ana throm é seo agus n’fheadar fós ar thuig mé 100% de raibh le rá ann. Pé scéal é, rud amháin a dhein an t-alt seo ná gur shoiléirigh se an cheist a bhí i m’aigne maidir le cad go díreach é an téacs dílis. Seo tagart díreach ón téacs:
“Researchers generally define an authentic text as a text originally created to fulfill a social purpose in the language for which it wasn intended” ie. amchlár bus nó alt nuachta
Dhein an t-alt céanna soiléiriú maidir le téacsanna simplithe. Tá an leid le fáil i dteideal an téacs seo. Téasc é atá curtha i bhfoirm shimplí chun go mbeadh tuiscint ag na foghlaimeoirí ar an atá á léamh acu ie. téasc a bheadh le fáil i leabhar scoile.
Tá argóintí ar son agus i gcoinne an dá shaghas téacs. Tá téacsanna simplithe bunaithe ar an teoiric “Ionchur Cuimsitheach” nó “Comprehensive Input” nó “i+1″ a chur Krashen chun cinn. Sin é go gcaithfeadh an dara teanga a bheith beagáinín os cionn leibhéal an fhoghlaimeora ach gan a bheith ar leibhéal ró-ard mar go mbeadh sé dothuigthe dóibh. Thógfaí ar an leibhéal sin de réir a chéile tríd an gcaighdeán a ardú beagán ar bheagán. Tá caint an mhúinteora agus idirtheanga tábhachtach sa phróiseas seo leis.
An argóint atá ar son téacsanna dílse ná go bhfuil siad ag deighleál leis an saol mór agus go bhfuil réalachas ag baint leo. De réir na hargóna seo d’ardófaí caighdeán an fhoghlaimeora sa dara teanga mar:
1) Go mbeidís ag plé le nithe a bheadh sa saol laethiúil
2) Go mbeadh caighdeán ard teanga ann. Ní gá dóibh gach focal a bheith ar eolas acu chun an méid atá scríofa a thuiscint.
Argóintí i gcoinne téacsanna simplithe ná, dá simpleofaí an téacs chaillfí ana chuid den míniú. Bheadh ginearálú i gceist leis an míniú leis. Fadhb eile ná go mbíonn cúpla míniú ag focail simplí. Tóg an focal “Francach” mar shampla. Chun téacs a shímpliú deirtear go gcaithfí fad an méid atá scríofa a mhéadú chomh maith.
Argóintí i gcoinne na téacsanna dílse ná go mbeadh foghlaimeoirí ag baint úsáide as foclóirí. Níl an t-alt seo i bhfábhar foclóirí mar deir sé go moillíonn siad an próiseas léitheorachta agus dul chun cinn an fhoghlaimeora sa dara theanga. Toradh ar seo ná leibhéal íseal muiníne. Caithfidh mé a rá go bhfuil fadhb agam leis an dearcadh seo agus go mbeinn ag dul i dtreo an teoiric i+1. Tá ranganna triú leibhéal á múineadh agam cúpla lá sa tseachtain. Seo muintir na céad bliana san ollscoil. An fhadhb is mó atá acu gach bliain ná go bhfuil caighdeán na léachtanna ró ard nó ró acadúil. Tharla sé uair nó dhó go raibh orm féachaint ar théacs (dán le Nuala Ní Dhomhnaill nó a leithéid mar shampla) agus go raibh orm é a mhíniú dóibh i bhfoirm níos simplí agus bheidís san ag úsáid na hidirteangain liom sa chumarsáid.
Bunaíodh an t-alt seo ar staidéar a déanadh ar shamplaí den dá saghas téacs agus úsáideadh córas ana chasta. Córas a bhaineann le staitisticí, ríomhairí agus síceolaíocht. Taighde cainníonctiúil a thugtar ar san is dóigh liom. An uirlis a bhí acu ná “Coh Metrix” agus an aidhm a bhí ann ná fianaise “crua” a chur ar fáil maidir le luach téacsanna dílse agus téacsanna simplithe. Seacht gcuid difriúil a bhí sa mhodh tástála seo. Úsáidfidh mé an téarmaíocht Bhéarla dos na teidil mar go bhfuil roinnt acu ana-theicniúil:
1. Casual Cohesion
Is éard atá i gceist leis seo ná na briathra ócáideacha (casual) atá nasctha leis na cáthníní (particles) a chomhaireamh. eg. (toisc, mar thoradh). Deirtear go mbíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí leo seo agus go mbíonn ana chuid den casual cohesion i gceist le hábhair cosúil le eolaíocht, stair, tíreolaíocht. Ón taithí atá agam féin ag múineadh staire, mhíneodh an fhianaise seo roinnt des na cúiseanna a bhíonn deacrachtaí ag daltaí le stair agus a leithéid a dhéanamh trí Ghaeilge. An toradh a bhí leis an tástáil ná go raibh líon níos airde de seo le fáil sna téacsanna dílse.
2. Connectives agus Logical Operators
Comhnasc atá i gceist acu anseo is dócha. Bhí a fhios agam cheana go raibh comhnasc diúltach agus dearfach sa Ghaeilge. Mar shampla: de bharr (dearfach), de dheasca (diúltach). Tá sé seo i gceist leis an mBéarla leis de réir dealraimh. Cuireann na nithe seo brú ar an gcuimhne reatha agus an toradh a bhí ar an tástáil ná nach raibh mórán difríochta idir an dá téacs.
3. Co-reference
Is éard atá i gceist anseo ná an méid ainmfhocal, téamaí, argóintí a bhíonn ag déanamh forluí thar a chéile. Ardaíonn an luas léitheoireachta má tá ráta ard de seo sa téacs. Shílfeá ón mbunmhíniú a bhí tugtha maidir le téacsanna simplithe gur acu siúd a bheadh an méid ba mhó ach a mhalairt de scéal a thaispeáin an tástáil seo.
4. Density of Major parts of Speech
Úsáidtear an Brill Tagger chun an modh seo a thástáil. Comhraíonn sé de mhéid foirm difriúil des na nathanna atá sa téacs. Grúpáileann sé ainmfhocail, forainmneacha, briathara, dobhriathra agus aidiachtaí le chéile.Cuireann sé tag ar na cáithníní leis cosúil le bunuimhreacha agus aidiachtaí sealbhacha. Ní raibh mórán difríochta sa toradh a fuaireadh tar éis na tástála.
5. Polysemy agus Hypernymy
Is éard atá i gceist le polysemy ná an méid míniúchan atá ag focal agus is éard atá i gceist le hypernymy ná an méid leibhéal atá ag focal. Shílfeá go mbeadh níos mó de seo la fáil sna téacsanna simplithe ach de réir an toraidh, ní raibh móran difríochta eatarthu.
6. Syntatic Complexity
Is éard atá i gceist leis seo ná abairtí gairide laistigh de phíosa téacs a bheadh cuíosach fada. Shílfí go mbeadh ana chuid de seo le haimsiú sna téacsanna simplithe agus bheadh an ceart ag an té a shílfeadh é mar gur b’shin a bhí sa toradh.
7. Word Information an Frequency
Gheofaí eolas na bhfocal a roinnt ina cheithre chuid:
a) Aithnidiúileacht (familiarity)
b) Cruinneas
c) Íomhách
d) Mínithe
Is éard a bheadh anseo ná na focail ceannan céanna a chomhraimh fés na fotheideal thuas. An toradh a bhí anseo ná minicíocht ard de seo sna téacsanna simplithe.
Na príomh thorthaí a bhí leis an staidéar ná go raibh téacsanna dílse níos fearr d’fhoghlaimeoirí a bheadh ag plé le téacsanna ina raibh plota, caidreamh, cúis is éifeacht i gceist leo. D’athain sé go raibh téacsanna simplithe ag cur fáil níos leithne ar T2 d’fhoghlaimeoirí ach dúirt sé go gcuirfeadh siad isteach ar an dul chun cinn fad-téarmach.
A Linguistic Analysis of Simplified and Authentic Texts: Crossley, Scott A; Louwerse, Max M; McCarthy, Phillip M; McNamara, Danielle S.
The Modern Language Journal, 91 (2007), Lth 15-30
Ogie, Obair iontach déanta agat ansin. Ach an téacs dílis é an úrscéal nó scéal Gaeilge??@
By: orlakearns on February 19, 2010
at 7:34 pm
De réir mar a thuigim aon téacs atá simplithe d’fhoghlaimeoirí ní téacs dílis é. B’fhéidir gur féidir mé a cheartú ar an bpointe sin áfach.
By: ogierinn on February 19, 2010
at 10:29 pm