Posted by: ogierinn | February 18, 2010

Aiste ó “The Effective Teaching of Modern Languages”

Táim cosúil leis an energiser bunny na laethanta seo a chairde. Chuir mé an briseadh i leathaobh chun roinnt “catch up a dhéanamh” ar an obair a dhein mé faillí uirthi le mí nó mar sin anuas. Pé scéal é seo plé ar aiste ón leabhar thuas a bhí bunaithe ar an scríbhneoireacht. Mheas mé go mba cheart dom dul i mbun na rudaí seo a léamh anois go bhfuil soiléiriú faighte agam ar thaobh na dtéacsanna dílse de.

Tá an leabhar seo bunaithe ar an gcóras atá sa Bhreatain ach tá nithe úsáideacha dúinne ann fós. Bhí píosa ana-shuimiúil ann a dúirt go mbíonn an rogha ag scoláirí atá ag tabhairt fés na GCSE’s an scrúdú a dhéanamh ó bhéal nó scríofa. Níl an chuma air gur daltaí le deacrachtaí ar nós dyslexia atá i gceist, is rogha oscailte é. N’fheadar féin an maith an smaoineamh é seo. Mar a dhéarfadh na Béarlóirí “don’t throw the baby out with the bathwater”. Thug mé fé ndeara gur foilsíodh an leabhar seo sa bhliain 1989 agus b’fhéidir go bhfuil rudaí athraithe ó shin. Ba bhreá liom níos mó eolais a fháil air -ar bhonn fiosrachta níos mó ná aon rud eile.

Luaitear sa chaibidil nach maith le foghlaimeoirí ag scríobh agus is dócha go bhfuil sé seo fíor in aon ábhar agus ná fuil sé teorannta go dtí teangacha amháin. Chuir sé sin ag smaoineamh mé ar na cúiseanna nach maith le foghlaimeoirí bheith ag scríobh, ó thaobh an dara teanga de. Cinnte tá botúin níos soiléire nuair atá siad scríofa ar pháipéar. Ní dócha gur páirt lárnach í an scríbhneoireacht i saol na bhfoghlaimeoirí agus ar ndóigh, nasctar scríobh le scrúdaithe. San aiste seo luadh cúiseanna ar nós gur catheadh na blianta i seomraí ranga agus múinteoirí ag cuir tromlach na béime ar scríobh na teangain. Chuirfeadh sé seo as d’aon duine. Mé féin san áirimh. Chomh maith leis sin luaitear go gceapann múinteoirí “traisisiúnta” gur ceart deireadh a chur le gach rang le píosa scríbhneoireachta.

Déanadh tagairt nó leath thagairt don dílseacht anseo. Dúradh nach dílseacht iomlán é nuair a thagann foghlaimeoirí le chéile i ngrúpa agus go dtagann píosa téacs mar thoradh. Luadh leis áfach, gur nóta a bheadh scríofa sa dara teanga maidir le cuairt dochtúra nó liosta siopadóireachta -gur téasc dílis a bheadh ansan. Ní théadh an dara píosa leis an rud a bheadh ar intinn agam don tráchtas. Théadh an chéad phíosa níos mó leis is dóigh liom.

Lean sé ar aghaigh le rá gur ceart scríobh a dhéanamh tar éis oibre a bheadh bunaithe ar an trí scil fhoghlama eile. Ba cheart na cleachtaí scríofa a leanfadh iad seo a bheadh tapaidh agus beacht. Ní bheinn go hiomlán i gcoinne na tuairime seo ach bheadh orainn na foghlaimeoirí a ullmhú le haghaidh aistí a scríobh ag an am céanna. (níl mé chun an focal a thosnaíonn le “S” agus a chríochnaíonn le “ú” a lua mar go maródh an fear go bhfuil “P” mar thúslitir ar a ainm mé!)

Chuaigh an aiste ar aghaidh ansan agus thosaigh sí an plé ceisteanna a bhaineann le botúin agus earráidí a cheartú. Seo hé an zón go mbeadh roinnt mhaith dem’ thráchtas bunaithe air. Dúirt sé go gcítear botúin fágtha ar lár mar saghas neamh-chomhlíonadh ar dhualgas. Caithfidh mé a admháil ná cuirim an méid sin béime ar bhotúin le mo chuid foghlaimeoirí fé láthair, níl fhios agam fén gcuid eile agaibh. Ní gur creideamh láidir é atá agam ach bím chomh gnóthach san ag cumarsáid leo agus ag iarraidh iad a chur ag labhairt lena chéile sa dara teanga go ndéanaim dearmad ar iad a cheartú. Deir sé anseo go mba cheart tús áite a thabhairt doa na botúin is tábhachtaí. Deir sé leis go mba cheart aird a dhíriú ar chúrsaí cruinnis nuair a chuireann sé isteach ar an tuiscint agus an chumarsáid. Nuair a cheartaím iad ‘sé seo an modh is mó a bheadh agam. Ar an lámh eile áfach, tá ceist na Gaeilge líofa lofa ann. An chúis gur theastaigh uaim dul i mbun an tráchatais sa chéad áit.

Deir sé go mba cheart ceartúcháin a dhéanamh go héadrom agus neamhfheiceálach. Ceist a bheadh agamsa anseo ná cé acu is ceart an ceartú a dhéanamh? Bheinn ag díriú ar an bhfoghlaimeoir agus féin-cheartúchán sa tráchtas le scafláil san áirimh.  Deir sé chomh maith go mba cheart na ceartúcháin seo a dhéanamh i rith am ranga agus ba ceart níos mó ama, struchtúir agus treoir a thabhairt don bhfoghlaimeoir dá mbeidís de dhíth orthu. Deir sé arís gur ceart léamh siar ar an téacs a dhéanamh i slí atá dearfach. Cad is brí leis seo n’fheadar? Moladh a thabhairt dóibh as ucht na botúin a aithint is dócha. “Positive re-enforcement” mar a dúirt an fear.

Ní a bheadh ar intinn agam don tráchtas agus atá luaite ag deireadh na haiste ná go mba cheart taifid a choimeád de fhorbairt an fhoghlaimeora agus go mbeadh súil siad de dhith air gairid do dheireadh an téarma. Bheifí ag cur caighdéan i gcompráid lena chéile sa tslí seo. Tá’s agam anois go mbeadh daoine ag rá rudaí ar nós “conas is féidir é sin a dhéanamh le gach dalta atá agam?”. Bheadh an rud ceannan céanna ar intinn agam fhéim; ach mar a deir na Béarlóirí “like it or not” is dóigh liom go bhfuil sé in am gur ghlacamar leis an bhfreagracht sin. Níos mó oibre atá i gceist gan dabht ach ón méid atá ar eolas agam fén gcóras sa Bhreatain bíonn ar na múintoirí ansan plean foghlama a dhéanamh do gach foghlaimeoir atá féna gcúram. Go bhfios dom leis, bíonn ar na bunmhúintoirí plean foghlama a thabhairt go dtí an príomhoide gach seachtain. Cúpla blian ó shin nuair a bhí mé ag taisteal in Cuba bhí an deis agam labhairt le roinnt múintroirí agus bíonn orthu plean foghlama a dhearadh do gach foghlaimeoir atá féna gcúram. Ní hamáin sin ach braitheann oideachas triú leibhéal gach foghlaimeoir ar na “pointí” a scórálann siad ag deireadh gach lae ón mbunscoil go dtí an mheánscoil!!!!

Mar a chíonn sibh chuir an aiste seo ag machnamh mé i bhfad níos doimhne ná an aiste roimhe seo.

The Effective Teaching of Modern Languages. Wringe, Colin; Longman; London; 1989

Advertisement

Responses

  1. Hi Óige,
    Obair ar dóigh déanta agat. Dearfainn go mbeidh do thráchtas iontach suimiúil ar fad. Nuair atá na foghlaimeoirí ag déanamh na gceartúcháin iad féin bíonn tuicint níos doimhne acu ar an bpróiseas agus cuirtear chun cinn an Fheasacht Teanga cinnte. Ar léigh tú tráchtas Clare Walsh ? Déarfainn go mbeidh sé suimiúil duit. Ta sé ar fáil ó Ghaelscoileanna. Ta roinnt caibidil agam a bhaineann le ceartúcháin, déanfaidh mé cóip agus tógfaidh mé liom iad an chéad ds eile.
    Bíodh deireadh seachtaine deas agat !

    • Bheadh sé sin go hiontach Aisling muar mhiste leat. Go rainbh maith agat

  2. Tá gach ar chuir tú ar an mblag faoina bhfuil faighte amach agat faoi théacsanna dilse agus eile léite agam.Nil am agam anois aon mhachnamh a dhéanamh ar ábhar na n-altanna sin mar tá mé ag obair ar an ldl.Is ceist chasta í ceist na dtéacsanna dílse agus cé go raibh blúire beag den cheart agam níl aon léitheoireacht gur fiú trácht air déanta agam fós.Tá ábhar an tráchtais agat déarfainn ach an cheist.Is deacair an fhoclaíocht cheart a chumadh fiú nuair a bhionn ceist in aigne dhuine,ach éireoidh leat.Ábhar cainte againn arís don deireadh seachtaine nuair a bheidh an cur i láthair déanta.


Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Categories

Follow

Get every new post delivered to your Inbox.