Posted by: ogierinn | February 19, 2010

Wiki

Obair á dhéanamh agam ar an wiki anseo is ansúd le cúpla lá anuas. De réir a chéile a thógtar na caisleáin nó beagán ar bheagán mar a d’ith an cat an scadán mar a deir na seanfhocail. Fuair mé amach an tábhacht a bhain le nasc a chur go dtí an leathnach deireanach agus an leathnach baile i rith an ama seo. Thar a bheith tábachtach is dóigh liom mar go nascann sé gach rud le chéile cosúil le liontán damhán alla.

Advertisement

Responses

  1. Dia dhuit ógie, feicim gur athraigh tú do bhlog.Níl tú ag iarraidh teangmháil le do thaobh baineann a thuilleadh.
    Tá mo theaspeantas don wiki déanta agam ach níor chuathas in aice leis an wiki fós.Tá eagla orm!
    Chuathas sall cuig Cáit an lá deireannach chun obair a dhéanamh ach níor thárla sé.In iomad caint faoi laethanta saoire srl!

    táim chun buille faoi thuairim a thabhairt faoi anois.

    an obair déanta agat ógie!

    • Go n-éirí an t-ádh leat a Nóirín. Éiríonn sé níos éasca de réir mar a bhíonn tú ag plé leis.

  2. Ogie, is breá liom na metaphníor agus íomhanna a úsaideann tú faoin Vikí. Thóg mé cúpla lá saor agus ag dul abhaile don ds. Bhí mé suil le níos mó oibre a dhéanamh i rith an bhriseadh ach níor eirigh liom. Grm as an bhfreagra a d’fhág tú ar mo bhlag. Moltar 4 páiste an méid is mó go féidir a bheith le chéile i ngrúpa amháin. D’fhoghlaim sin sa choláiste blianta ó shin. Ach 4 timpeall ríomhaire ghlúine amháin – sin iomarcach dar liom…Is leor beirt.

    • Is leor beirt cinnte. Cé go dtaitníonn le daoine áirithe níos mó ná beirt….

  3. Tá an ceart agat faoin wiki.Anois a thuigim cuid de na pointi a bhaineann leis.’De reir a chéile’ adeir tú,ach an bhfuil am againn do fhoghlaim mhall thomhaiste ag an tráth seo?Cheap mise go raibh mé beagnach críochnaithe leis an wiki ach tuigim anois go bhfuil scileanna eile de dhith orm fós.Níor fhéach mé ar wiki na ngrúpai eile ach de réir mar a chloisim tá obair iontach déanta acu.Fuair mé amach inné gur ar leathanach wiki a scríobhann duine an tuairisc mhachnamhach -agus mise taréis tosnú a chur ar an mblag toisc nach bhfaca mé aon áit oiriúnach ar an wiki ,dar liom.Níl mé cinnte anois cathain a bheidh sé críochnaithe agam.

    • Ní raibh sé sin ar eolas agamsa nach a rud. Ar an mblag atá gach rud scríofa agamsa leis. Shur nach féidir copy+paste a dhéanamh?


Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Categories

Follow

Get every new post delivered to your Inbox.