Seo an an méid atá ar intinn agam maidir leis an tráchtas go dtí seo. B’fhéidir go mbeadh moladh nó dhó agaibh maidir le abhair léitheoireachta. Táim ag lorg rud éigin ar “féinceartú” ach go háirithe, fé láthair ach níl ag éirí liom ar an idirlíon, sa lebharlann i nGallimh ná sa leabharlann i Luimneach. Chomh maith leis sin tá téarma á lorg agam ar scoláirí ag dearadh agus ag scríobh a gcuid téacsanna féin.
Staid an Tráchtais
Teideal
Níl aon teideal roghnaithe fós
Cur síos
Beidh na daltaí ag cruthú a gcuid téacsanna foghlama féin agus ansan beidh siad ag déanamh oibre bunaithe ar na téacsanna sin. Nuair atá na ceachtanna déanta baileofar iad. Tabharfar na téacsanna ar ais dóibh ansan agus déanfaidh siad iarracht feabhas a chur ar chruinneas na Gaeilge iontu. Ní fios fós an mbeidh na daoine a chruthaigh na ceachtanna ag ceartú a gcuid oibre féin.
Obair
Beidh siad ag obair i ngrúpaí agus ina n-aonair
Ábhair
Piocfaidh siad na hábhair a oireann dóibh féin nó go bhfuil suim acu iontu
Téacsanna
Glacfar le “téacs” anseo sa chiall is leithne den bhfocal. ‘Sé sin le rá go bhfaigheadh ceachtanna scríofa, cainte, léitheoireachta nó scríbhneoireachta a bheith i gceist.
Modh Ceartúcháin
Tá se i gceist sa staidéar seo go mbeadh an méid béime is gur féidir ar an obair nó an fhoghlaim neamhspleách. Tá sé i gceist go mbeidh na foghlaimeoirí ag féin-cheartú agus go mbeidh an múinteoir ag feidhmiú mar éascaitheoir.
Glacfar leis go mbeidh leibhéil éagsúla feasacht teangain sa seomra agus ná beidh an t-eolas ag roinnt de na daltaí maidir le conas cruth cruinn a chur ar an teanga. De bharr sin tá sé i gceist próiseas scaflála a bhunú ar dtús. Bheifí ag súil go n-imeoidh siad ón scafláil diaidh ar ndiaidh de réir mar a éiríonn a gcuid muiníne sa teanga.
Díreofar ar réimse áirithe botún agus earráid. Tabharfar greillí agus bileoga dóibh chun gur féidir leo iad a úsáid mar phointí tagairte. Díreofar ar:
a) Briathra
Beidh greille ag gach foghlaimeoir leis na briathra neamhrialta ann agus rialacha a bhaineann leis na briathra rialta
b) Uimhreacha
Beidh greille acu le samplaí de bhunuimhreacha, uimhreacha pearsanta agus orduimhreacha
c) Litriú
Cuirfear ceist ar na foghlaimeoirí maidir leis na focail a cheapann siad féin atá deacair le litriú. Scríobhfar liosta de na focail seo ar bhileog dóibh ansan. Ní raghfar thar 100 focal sa liosta seo.
Tástáil
Faoi láthair tá sé i gceist díriú ar uasmhéid de chúigear. Na próiséis tástála a úsáidfear ná:
- i. Fócasghrúpa
- ii. Agallamh Aonair
- iii. Taifid
- iv. Nótaí
Tá sé i gceiast monaiteoireacht ginearálta a dhéanamh ar na foghlaimeoirí mar ghrúpa leis. Na próiséis tástála a úsáidfear anseo ná:
- i. Ceistneoirí
- ii. Taifid ranga (fís b’fhéidir)
Sár obair a dhéanamh agat.Tá an leagan amach an- chruinn Is cosuil go bhfuil alán machnaimh déanta agat ar an ábhar agus ar an gcur chuige.Ní féidir liom aon eolas breise a thabhairt duit maidir le ábhar oiriúnach léitheoireachta faoin bhféincheartú.Maidir leis an léitheoireacht go ginearálta tuigtear dom gur chóir mórchuid a bheith déanta roimh thosnú ar an taighde ach cén uair is féidir a rá go bhfuil dóthain déanta?Deir daoine -iad siúd a bhfuil am mháistreacht bainte amach acu -gur furasta an chaibidil litríochta a scríobh.Ni chreidim é.Tá mé ag léamh agus níl focal ar pháipéar agam fós.Ach caithfimid a bheith dóchasach.
By: banrach on March 5, 2010
at 10:30 pm