Ar deireadh chríochnaigh mé an LdL le “mo chailíní” inniu. Ar an iomlán dhéarfainn gur thaitin sé seo (toisc gur chinneadar gan obair bhaile a thabhairt dá chéile!!!!). Níl mé cinnte ar bhaineadar tairbhe as mar go raibh an t-uafás cainte sa mháthair theanga ag tarlú. Bhí roinnt a d’oibrigh go cruaidh agus roinnt eile nár oibrigh chomh crua sin. Sheas cailín amháin amach afach. An taispeáinteas ab fhearr “winging it” a chonaic mé le tamall fada. Ní raibh mórán réitithe ag an ngrúpa ach do bhain sí ana úsáid as an méid a bhí acu. Chum sí tasc ar an spota dos na foghlaimeoirí a bhí críochnaithe luath fiú! Labhraodh ana chuid Gaeilge le linn a cuid ama agus labhair sí féin Gaeilge nach mór an t-am ar fad. An cailín céanna, bíonn údaráis na scoile ag “faire” uirthi leis. Cruthaíonn sé sin an tuairim gurb iad na pleidhcithe na hábhair mhúinteoirí is fearr.
Níl mé cinnte fós an úsáidfidh mé an t-abhar a chruthaigh siad sa tráchtas mar go bhfuil roinnt léiheoireachta fós le déanamh agam. An gceapann sibh gur fiú tosnú gan dóhain taighde déanta??????????
Tiocfaimid le chéile arís ar an Aoine thíos sa seomra bia agus scríobhfaidh siad a gcuid tuairimí dom. Ina dhiadh sin beidh cupán tae agus comhrá againn.
Tá an ceart agat Ógie. Tá sé an-dheacair bheith cinnte go bhfuil tú réidh leis an léitheoireacht agus bím de shíor ag léamh altanna nua le dearcaí suntasacha nach raibh curtha san áireamh agam go dtí seo. Ach ag deireadh an lae, is dócha go gcaithfimid tosnú agus cloí le cibé tuairimí atá againn mar beidh an spriocdháta ag druidim linn. Agus tá brú ama breise oraibhse sa meánscoileanna.
By: maireadnig on March 6, 2010
at 6:33 pm
Haidhe a Ogie
Súil agam go bhfuil tú ábalta sos a ghlacadh na laethanata seo. Deacair creidiúint go bhfuil deireadh ag teacht leis na ranganna sa Cheathrú Rua! Caithfimid críoch a chur lenár vicí ach seolfaidh mé ríomhphost chugaibh faoi sin go luath. Slán tamall
By: catherineblu on March 30, 2010
at 5:36 pm
Tá súil agam go bhfuil dul chun cinn déanta agat leis an ábhar dílis.Caithfimid críochnú go luath sa mheanscoil -tá deireadh na bliana buailte linn.Tá mise ag iarraidh cúpla ceist a chur le chéile don ghrúpa fócais.Ní bheidh deis agam bualadh leis an rang ina dhiaidh sin -tá alán ag brath ar an eolas a thabharfar dom.
Níl tús ná deireadh leis an léitheoireacht,tagaim ar rud nua éigin gach seachtain agus tá sé go léir suimiúil ach caithfidh mé stopadh go luath nó ní bheidh tada scríofa sa chaibidil litríochta.Bíodh deireadh seachtaine deas agat.
By: banrach on May 14, 2010
at 7:49 pm
Is dócha go bhfuil an tráchtas scríofa agat faoi seo!
Tá súil agam go bhfuil gach rud go breá i Luimneach agus an obair go léir tugtha suas chun dáta ar aon nós. Rudaí ag gluaiseacht go mall anseo-ní féidir liom smaoineamh ar aon rud inniu,mar sin bheartaigh mé dul ar na blaganna ach is léir go bhfuil gach duine gnóthach an trathnóna breá seo.
By: banrach on June 24, 2010
at 8:27 pm